Wednesday, April 6, 2011

An Dhanóib Ghlas

An Dhanóib Ghlas


le


Rónán Gearóid Ó Domhnaill




Mothaíonn tú an sean aimsir i Vín, príomhchathair na hOstaire. Feiceann tú rianta láidir na hImpire agus cé nach bhfuil sé soiléir i dtosach tá nasc níos sine ná míle bliain idir an tír seo agus an chathair álainn seo.
I gcroílár na cathrach tá an Steffl, ceann de na hardeaglaise is sine san Eoraip, ann. Buail iteach agus sa siopa beag ar chlé tá cloch ar an mballa, cloch darbh ainm Kolmanistein. Tháinig Éireannach darbh ainm Colman go Baile beag gar don Vín sa bhliain 1012 agus é ar a bhealach go Iarúsailaim., bhí cuma ait air, dar le muintir na háite agus níor thuig siad a chuid Ghaeilge. Chreid siad go raibh sé ag spiaireacht agus crochadh Colman bocht gan moill ó chrann talmhaíocht. Tamaill ina dhiadh sin thosaigh an crann ag bláth agus tógadh mar mhíorúilt é. B’éarlamh na hOstaire é Colman go 1663. Dúradh go gcrochadh é ar an Kolomanistein agus dúradh fresin go raibh a fhuil le feiceáil ar an gcloch. Nuair a tháinig oilithreach isteach chuimil sé an cloch agus thug sé cosaint dó.
Tháinig na Manaigh Beinidicteach Éireannach ó Regensburg sa Ghearmáin go Wín sa 12ú haois déag agus tógadh an mainistir sa bhlian 1155 agus tá an Schottenkirche fós ann. In aice leis fuair ceann de na seangheataí na cathrach an t-ainm Schottentor nó geataí na hÉireannaigh (ní dhearna na hOstairaigh aon difríocht idir na Albannaigh agus na hÉireannigh) agus inniu sin ceann de na stadanna U-Bahn den líne U2.
In aimsir na Péindlithe tháinig Na Géanna Fiáine. Bhí Impireacht mór ag an Bhanimpire MariaTheresia agus bhuaigh na hÉireannaigh clú agus cáil mar shaighdiúirí. Ba ghinearál marcshula é Carl Claudius O’Donell in aimsir na Cogadh Seacht mBliain (1756-63). Bhí na hainmeacha marascal machaire Browne agus De Lacy i mbéal an phobail ag an am freisin. I gceantar 23 (tá 23 ceantar sa chathair agus uimhir ag gach ceann dóibh) tá sráid Uí Bhrian nó O’Brien Gasse ann tar éis Barún Johann von O’Brien a bhuaigh cath i gcoinne Napoleon sa bhliain 1809. Tá fiannaise ann go raibh na huaisle ag ceiliúradh lá Fhéile Phádraig sa bhliain 1766 agus bhí bratacha glasa ag crochadh sa Hoburg, an pálás impireach. Labhair siad Fraincis, teanga na huaisle ansin, agus Gaeilge le chéile.
Os comhair an Schottentor tá eaglais ón naoú haois déag darbh ainm Votivkirche. Tógadh é sa bhliain 1855 mar bhuíochas Dé (Votiv). Dhá bhliain roimhe rinne gréasaí bróg iarracht an Kaiser Franz Josef a mharú. Stopadh an feallmharú le Ginerál Maximillian O’Donell von Tyrconnell a raibh i gcomhluadar an Kaiser. B’é an Barún von Banfield ceann de na pilóidí is cáiliúla sa Chéad Cogadh Domhanda. Bronnadh an bonn is airde, An Ord Maria Theresa, dó. Gach uair a thug sé cuairt ar Vín, go dtí a bhás sa bhlian 1986, bhí garda ónóra ina seasamh os comhair a hóstán, ómós a thugtar go hiondúil do uachtaráin amháin.
Le briseadh an Impireacht tar éis an Chéad Cogadh Domhanda. D’éirigh an Ostair níos lú agus rinneadh dearmad ar thionchar na hÉireannaigh.
Tháinig an cultúr Éireannach ar ais deireadh an 20ú haois nuair a tháinig na pubanna sna nócaidí agus feiceann tú ainmeacha ar nós Charley P’s, Flanagans agus Molly Darcys chomh maith le roinnt pubanna éireannach nach bhfuil ceangail dá laghad acu len tír seo agus tá tóir ag na hOstairigh orthu. Tá siad sa bhfaisean agus faigheann siad seans a gcuid Béarla a chleachtadh. Tá dúil orthu ar an uisce beatha freisin agus tá siopa darbh ainm The Potstill le breis agus trí chéad fuisce difrúil ann.
Tá níos mó ag baint len cultúr Éireannach ná na pubanna áfach. Bunaíodh Cumann Céilí Vín i 1986 agus tá cumannn cultúrtha ann freisin, an Austro-Irish Society. Fiú amháin ar an Ollscoil tá cúrsa Gaelach ann. Bunaíodh The Vienna Gaels, foireann peil Gaelach sa bhliain 2004 agus imríonn siad ar fud na hEoraip ach go háirithe i gcoinne clubanna eile i Munich, Copenhagen agus Budapest. Cé go bhfuil neart Éireannaigh le feiceáil ar an bhfoireann tá suim ag na hOstairigh freisin. I measc peil na mban mar shampla is an Vín an chuid is mó den fhoirne.
Tá ceilúradh Lá Fhéile Phádraig ag dul ó neart go neart chuile bhliain agus b’fhéidir go mbeidh an brat glas ag crochadh arís go luath sa Hofburg.

Téann Aer Lingus go Vín agus Ryanair go Bratislava (uair a chloig ó Wín)

No comments:

Post a Comment