Wednesday, April 27, 2011

Múinteoir eile ag cleamhsán

Múinteoir eile ag cleamhsán

le

Rónán Gearóid Ó Domhnaill




Is múinteoir mé ach is annamh a labhraim faoi mo phost taobh amuigh den scoil. Tá an t-ábhar i mbéal an phobail agus tá tuairim ag gach mac máthair faoi, go hiondúil tuairim neamhfheasach. Creideann go leor daoine fós nach bhfuil cáiliocht speisilata ag teastáil leis. Dar leo is féidir gach duine a bheith ag múineadh agus an té nach bhfuil ábalta múineann sé. Cuireann a léithéid aineolas ionadh orm ach tá an meoin sin go daingean in aigne ar go leor daoine.
Faigheann na duine a dtuairimí ón meáin agus is léir go hfuil clár ag an meán i gcoinne na múinteoirí. Ní léiríonn siad na fíricí nó an suíomh mar atá sé mar ní oireann sé an clár atá acu. Le teacht an cúlú eacnamaíochta tháinig siosma idir an earnáil poilí agus príoháideach agus cothaítear an siosma sa mheáin. De réir dealraimh is sceilpín gabhair don cúlú eacnamaíochta iad na múinteoira. Is seafóid amach is amach é agus buíochas le feachtas éifeachtúil fuair na múinteoirí trí gearradh pá laisitigh de dhá bhlian agus fós tá daoine ag casoid go dtuillleann siad turastal ró ard.
Deirtear liom go minic go bhfuil saol breá ag múinteoirí. Nach bhfuil laethannta saoire fada acu? Ní mar a shíltear a bhítear áfach. Do go leor múinteoirí is am neamhchinnteachta é an samhradh. Níl an phost tar éis na laethannta saoire acu agus caitheann siad post eile áit éigin a fháil . Níl ach conradh bliaintúil ag timpeall 25% na múinteoirí atá fostaithe faoi láthair ní labraítear faoi phost buan níos mó. Níl a léithéid sa Bhreatain agus fostaítear an múinteoir le conradh buan laithreach baill. Níl an spreagadh céanna ag múinteoir sealadach, an múinteoir fánach. Cé go glactar a leithéid i measc na múinteoirí, fadtéarma ní saol ceart é.
Ní dhéanann na múinteoirí puinn oibre. Ní oibríonn siad ach 22 uair sa tseachtain. Creidtear nach ndéanann siad aon ullmhúchán don ranganna agus níl aon cóipleabhair le ceartú acu. Cé nach dtosnaíonn na ranganna go dtí a naoi, tá an chuid is mó den na múinteoirí ar scoil ag a hocht, uaireannta níos luaithe má tá coinne le tuismitheoir acu. Mar is eol do gach tuismitheoir tá an t-úafás freagracht ag baint le deiláil le déagóir amháin agus mar mhúinteoir is sórt bainisteoir agus tuismitheoir thú ag bainistiocht timpeall 120 déagóir. Tógann sé neart ama agus is annamh a chríochnaíonn an lá ag a ceathair.


Bhí stádas ard ag na múinteoirí tráth ach d’athraigh sé le linn an Tíogar Ceiltigh. Tá na gardaí agus altraí sa suíomh céanna ach cén fáth nach bhfuil an drochmheas céanna ag daoine ar dhoctúirí a thuilleann i bhfad níos mó airgid? Cinnte, ní féidir a shéanadh nach bhfuil roinnt múinteoirí ábalta. I ngach gairm tá a léithéid ann. Ó am go ham déanann dochtúirí botún marfach ach tá ómós fós ag an bpobal don ghairm ach in aigne an phobail tá gach múinteoir mar a chéanna. B’fhéidir go ndéanann doctúirí rud éicint luachmhar ach cuireann múinteoirí le forbairt agus oideachas ár leanaí. Nach bhfuil sé luachmahr freisin? Cuireann an easpa meas isteach ar mhúinteoirí agus is minic a spreagtar an drochmeas seo sa mbaile. Is féidir na daltaí rud éicint maslach a scríobh ar an Idirlíon ar ratemyteachers. An rud is measa áfach ná go n-ionsaítear go fisicúil múinteoirí sa rang agus glactar mar chuid den phost é.
Baineann an múinteoireacht le níos mó ná cúrsaí acadúil. Déantar talamh slán de mhúinteoirí go dtagann siad cabhair agus tacaíocht do imeachtaí spóirt, díospóireachtaí, nó seóanna ceoil. Cothaíonn a leithéid féinmhúinín i measc déagóirí neamhdhaingean. Tá dualgas agus tiomantas le feiceáil ó mhúinteoirí ann agus chun na fírinne a rá níl an tiomantas céanna ag múinteoirí i dtíortha eile. Má leannan an drochchaint faoi mhúinteoirí ar aghaidh beidh a leithéid i mbaol.
Deirtear go bhfuil na múinteoirí ag cnáimhseáil go síoraí agus tuigim go bhfuil an phobal bodhar ag éisteacht leo ach tá leas na múinteoirí ceangailte le leas na bpáistí. Dúradh linn go minic go bhfuil caighdeán ard oideachais sa tír seo ach de réir na staististicí is deireannaí tá fadhanna le scileanna litearthachta agus uimhearthachta ag go leor daltaí. Ag an am céanna nuair a tháinig an cúlú eacnamaíocht tháinig gearrú ar Chúntóirí um Riachtanais Speisialta. Déantar gearrú i bpostanna gan smaoineamh ar na himpleactaí. Ceaptar go rabairne fós in áit rud éicint luachmar, í an oideachas sa tír seo. Má gearrann tú postanna éireoidh cúrsaí níos measa do na páistí agus ní dóigh liom go bhfuil impleactaí dearfach don tsochaí ag baint leis.. Ina theannta sin San Aontas Eorpach níl ach 21 dalta sa rang, sa tír seo áfach tá 30 ann agus beidh an méid sin ag ardú. Ní bheidh an deis céanna ag an dalta lag as seo amach agus níl aon amhras ach go mbeidh an dalta ‘maith’ i gcruachás fresin.
Ag breathnú ar chlár teilifíse ar nós Frontline is léir go beag an taithí faoi mhúinteoirechta atá ag na léirmheastóirí. Lahraítear faoin oideachas i dtéarmaí eacnamaíochta ach ní comhlacht nó gnó an oideachas. Nílimid ag obair le earra, táimid ag obair le duine óg.
Mar fhocal scoir tugaim aitheantas go bhfuil go leor daoine go fuailingt faoi láthair ach is beag an ciall a dhéanann sé an milleán iomlán a chuir ar na múinteoirí.

1 comment:

  1. B'amhlaoidh gur cheart duit dul thar n-ais ar scoil a mhac agus foghlaim níos doimhne a dhéanamh ar do litiríocht. Tuigim cad atá á rá agat ach n'fheadar cén áit a scríobh tú í toisc na heaspaí focail, séimhiú agus litreacha.

    B'fhéidir gur cheart duit scríobh i mBéarla amháin chun go dtuighfeadh gach duine cad atá á rá agat.

    ReplyDelete